Seáinín agus an múinteoir!

 

 

 

 

 

 

'Seáinín Bocht' le Dominic Ó Braonáin

 

Tá pian i mo lámha, a mhúinteoir, a mhúinteoir.

Tá pian i mo lámha; Ní féidir liom scríobh.

 

Ní féidir leat scríobh, a Sheáinín, a Sheáinín.

Ní féidir leat scríobh- Ach an féidir leat léamh?

 

Tá pian i mo shúile, a mhúinteoir, a mhúinteoir.

Tá pian i mo shúile. Ní féidir liom léamh.

 

Ní féidir leat léamh, a Sheáinín, a Sheáinín.

Ní féidir lear léamh- Ach an féidir leat éisteacht?

 

Tá pian i mo chluasa, a mhúinteoir, a mhúinteoir.

Tá pian i mo chluasa; Ní féidir liom éisteacht.

 

Ní féidir leat éisteacht, a Sheáinín, a Sheáinín.

Ní féidir leat éisteacht- Ach an féidir leat ithe?

 

Is féidir liom ithe, a mhúinteoir, a mhúinteoir.

Ba bhreá liom seacláid, milseáin, líomanáid.